Dúchas is Dóchas: AMHRÁIN GHAEILGE AN CHLÁIR ag an Oireachtas

Dúchas is Dóchas: AMHRÁIN GHAEILGE AN CHLÁIR ag an Oireachtas

Saturday, 4 November 2023, 7.30pm
0

Ní inniu ná inné a thosaigh muintir an Chláir ag ceol agus cáil ar an gcontae dá réir ach in ainneoin na cáile sin agus cé gur mhinic fonn ceoil a bheith orainn, is beag amhrán i nGaeilge a chloistear. Coinníodh an ceol agus cuireadh leis an stór sin. Cailleadh an teanga go tubaisteach agus chailleamar ár nglór ar aon, nó nach raibh fágtha againn ach ‘Beidh Aonach Amárach’. Nó b’shin an chosúlacht a bhí ar an scéal. Le cabhair scéim Duala de chuid Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) agus Oifig Ealaíon an Chláir, thosaigh Diarmuid de Faoite ag tochailt.

Ní hamháin nach bhfuil na hamhráin caillte, tá daoine ag cumadh amhráin i nGaeilge sa Chontae síos go dtí an lá atá inniu ann. Go dtí seo tá os cionn 130 amhrán aimsithe aige agus tá an figiúr sin ag dul i méid. Corca Baiscinn, Cill Bhriocáin, Cill Mháille, Cill Mhichíl, Cill Dalua, Sráid na Cathrach, Inis Díomáin, Inis, Croisín, Leac an Éadain: tá seoda ar fáil ar fud an Chontae. An grá, an pholaitíocht, an briseadh croí, an greann, an iomáint is an pheil: cur síos ní hamháin ar stair an chontae ach ar mhianta agus ar mhodhanna an duine agus na pobail as ar fáisceadh iad. Tá muid dóchasach go spreagfaidh na hamhráin an ceol agus an cartlann seo mórtas agus dúil sna hamhráin agus sna scéalta a bhaineann leo i measc amhránaithe, pobail agus paróistí éagsúla na tíre. Bímís ag ceol!

Ar an oíche speisialta seo beidh Diarmuid de Faoite, Edel Vaughan, Philip Fogarty, Therese McInerney, Emer O'Flaherty, Gráinne Cotter leis an air speisialta Conn Ó Muineacháin ar an stáitse.

WebsiteAdd a Listing

Added by Dúchas agus Dóchas on 19 October 2023

comments powered by Disqus

Please note that some listings are added by third parties. The Journal of Music does not take responsibility for the content or accuracy of listings published by third parties on this site. The Journal of Music reserves the right to edit or delete listings. Click here to add a listing, login or register.