Dúchas agus Dóchas - Amhráin Ghaeilge an Chláir
Ar an 3 lá Bealtaine beidh seó ceoil "Dúchas agus Dóchas" ag teacht chuig na nDéise!
Cuireann Comhlucht Forbartha na nDéise fáilte chroíúil roimh ‘Dúchas agus Dóchas’ go dtí an Sean Phobal. Déanann Dúchas agus Dóchas ceiliúradh ní hamháin ar thraidisiún amhránaíochta saibhir Chontae an Chláir ach ar thionchar na nDéise ar an dtraidisiún sin agus é ag nochtadh an t-seana nasc treibhe, fola, teanga, ceoil agus cultúir a mhaireann idir an dá phobal síos go dtí an lá atá inniu ann.
Beatha teanga í a labhairt beatha amhrán é a rá, snáth órga, ceolmhar, trí athbheochan amhránaíochta sa Chlár ó ré na bhfilí go dtí nuachumadóireacht an lae inniú, le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe. Líonann Dúchas agus Dóchas bearna i dtraidisiún na Mumhan le mórtas cine agus le haoibhneas ceoil, le dúchas agus le dóchas, ó shean-nós go dtín ár nósanna is ár nóisin nua ceolmhara féin!
TICÉID: €10 - Chun ticéid a cheannach seol roimhphost chuig [email protected]
Breis Eolais: Tomás @ [email protected] / 087 721 9721